|
TEACHT AN FHIR DHUIBH
as 'Séadna', leis An tAthair Peadar
Ó Laoire
Thóg Séadna a cheann. Bhí an Fear Dubh ina sheasamh ar a
arghaidh amach.
D'fhéach an bheirt ar a chéile. Níor chneasta an fhéachaint
i ag aon taobh acu. Mhotaigh Séadna an scanradh ag teacht air
féin. Rug sé greim daingean ar an tseoid a bhí istigh ina
bhrollach aige. D'imigh an scanradh de. D'fhéach sé go cruinn
ar a namhaid. Chonaic sé na hadharca agus an t-éadan
drochaigeanta agus na súile millteacha, fíochmhara, agus an
meigeall, agus an t-eireaball, agus an chrúb. Ach chonaic sé
rud nach bhfaca sé an chead lá. Chonaic sé ar mhéara na lámh
ingne móra fada cama, mar a bheadh ar chrobh iolair, agus bhí
bior ar gach ionga díobh chomh caol, chomh gear agus a bhí ar
an meana a bhí ina lámh aige.
Dóbair arís cailleadh ar a
mhisneach nuair a thuig sé ina aigne cad é an cor a bheadh air
dá rachadh na hingne sin ina chraiceann. D'fháisc sé a lámh
arís ar an tseoid a bhí ina bhrollach aige agus d'imigh an
scanradh sin leis.
"Cad ina thaobh nach bhfuil tú ag
gluaiseacht liom", ar seisean faoi dheireadh. "Nach cuimhin
leat an margadh, mise a thabhairt oiread airgid duitse agus a
cheannódh leathar duit ar feadh trí bliana déag, agus tusa a
theacht liom nuair a bheadh an méid sin aimsire caite?"
"Mar níl an aimsir caite", arsa Séadna... "Suigh sa chathaoir sin
thuas agus lig dom mo ghnó a dhéanamh."
Shuígh an Fear Dubh
sa chathaoir draíochta agus ní fada go raibh sé greamaithe dó,
agus ní raibh sé in arm corraí. Tharraing Séadna an lámh dheas
amach as a bhrollach agus an tseoid inti, agus rinne sé Fíor
na Croise leis. Rinne liathróid thine láithreacht den Fhear
Dubh ós cionn na cathaoireach. Annsin tháinig mar a bheadh soc
caol thíos ar an liathróid thine agus ghluais sí síos tríd an
gcathaoir ina slabhra tine agus síos trid an talamh.
"Moladh
le Rí na Naomh!" arsa Séadna.
|
|
|
LA VENO DE LA DIABLO
el 'Séadna', de Pastro Peadar Ó Laoire
Seadna levis la kapon. Antau li staris la Diablo.
Ili rigardis unu la alian. La rigardo de iu flanko ne estis milda.
Séadna sentis ektimon. Li ekprenis la juvelon, kiu estis
interne ĉe la brusto, per firma tenego. La timo malaperis. Li
precize rigardis sian malamikon.
Li vidis la kornojn, kaj la
vizagon malbonvolan, kaj la furiozajn detruajn okulojn, kaj la
kaprobarbon, kaj la voston, kaj la hufojn. Sed li vidis ion,
kion li ne vidis la unuan tagon. Li vidis sur la fingroj de la
manoj longajn malrektajn ungojn, simile al la ungegoj de aglo
kaj sur ĉiu ungo estis pinto tiel maldika, akra kiel la aleno
en lia mano.
Li denove preskaŭ perdis la kuraĝon kiam li
ekkomprenis tion kia li estus se tiuj ungoj enirus en lian
hauton. Sed li denove tenegis la juvelon ĉe sia brusto kaj
ankaŭ tiu timo malaperis.
"Kial vi ne venas kun mi", la Diablo
fine diris. "Ĉu vi ne memoras la interkonsenton, ke mi donu al
vi tiom da mono kiom aĉetos ledon por vi dum dek tri jaroj,
kaj ke vi venu kun mi kiam estos pasinta tiu tempo?"
"Sed ankoraŭ ne tute pasis tiu tempo", diris Séadna. "Sidiĝu en tiu
sego supre kaj permesu, ke mi faru miajn aferojn."
La Diablo sidiĝis sur la magian seĝon, kaj tuj gluiĝis al
ĝi kaj ne
povis moviĝi. Séadna eltiris la dekstran manon el la brusto,
kun la juvelo en ĝi, kaj faris per ĝi krucosignon. La Diablo tuj fariĝis fajrobulo super la seĝo. Tiam aperis malsupre sur
la fajrobulo akra pinto, kaj ĝi fulmrapide iris kiel fajrĉeno
tra la sego kaj malsupren tra la planko.
"Laudon al la Reĝo de
la Sanktuloj!" diris Séadna.
|