|
CRE NA CILLE
le Máirtín Ó Cadhain
Ní mé an ar Áit an Phuint nó na Cuig Déag atá mé curtha?
D'imigh an diabhal orthu dhá mba in Áit na Leathghine a
chaithfidís mé, th'éis ar chuir mé d'fhainiceachaí orthu!
Maidin an lae ar bhásaigh mé ghlaoigh mé aníos ón gcisteanach
ar Phádraig: "Achuiní agam ort a Phádraig, a leanbh",
adeirimse. "Cuir ar Áit an Phuint mé. Ar Áit an Phuint.
Tá cuid againn curtha ar Áit na Leathghine, ach má tá fhéin..."
Dúirt mé leo an chónraa bhfearr tigh Thaidhg a fháil. Conra
mhaith dharaí far chaoi ar bith... Tá brat na scaball
orm. Agus an bhráithlín bharróige. Bhí siad sin
faoi réir agam fhéin... Tá spota ar an scaoilteoig seo.
Isgeall le práib shúí é. Ní heá. Lorg méire.
Bean mo mhic go siúráilte. Is cosúil len a cuid
pruislíocht é. Má chonnaic Neil é! Is dóigh go
raibh sí ann. Ní bheadh dar fia dá mbeadh aon neart
agamsa air...
Is mÍ-stuama a ghearr Cáit Bheag na gairéadaigh. Dúirt mé
ariamh fhéin nár cheart aon deor len ól a thabhairt di féin ná
do Bhid Shorch nó go mbeadh an corp dealaithe den tsráid.
Cuir mé fainic ar Phádraig dhá mbeadh ól déanta acu gan ligean
dóibh na gairéadaigh a ghearradh. Ach ní féidir Cáit Bheag a
choinneal ó choirp. Ba é a buac chuile lá ariamh marbhán a
bheith in áit ar bith ar an dá bhaile. Dhá
mbeadh na seacht sraith ar an iomaire d'fhanfaidís ar an
iomaire, ach í ag fáil bonn coirp...
Tá an chrois ar mo chliabhrach, an ceann a cheannaigh mé fhéin
ag an mision... Ach cáil an chrois dubh a thug bean
Thomáisín beannaithe chugam as an gCnoc an t-am sin a mb'éigin
Tomáisína cheangal go deireannach. Dúirt é leo an chrois sin a
chur orm freisin. Is cuidsúlaí go mor í ná an ceaim seo.
O a thuit an chroís seo ó ghasúir Phádraig, tá cor cam sa
Slánaíodóir uirthi. An Slánaíodóir atá ar an gveann dubh is
mór an áilleacht é. Céard sin orm? Nach mé ata dearmadach i
gcónaí. Sin í faoi mo cheann í. Nach mairg nach hí a chuir
siad ar mo chliabhrach...
|
|
|
LA TERO DE LA TOMBEJO
(Caitriona Phaidih, noventerigito,
parolas el la tombo)
tradukis Liam Ó Cuirc
Mi ne scias ĉu en la Pundan Lokon
aŭ en la Dekkvin-ŝilingan Lokon oni min
enterigis. La diablo prenu ilin se ili metis min en la
Duonginean Lokon post ĉiuj avertoj! En la mateno de la tago en
kiu mi mortis mi kriis el la kuirejo al Pádraig: "Peton
mi havas al vi, Pádraig, mia infano", mi diris. "Metu min en
la Pundan Lokon. luj el
ni estas enterigitaj en la Duonginean Lokon, sed eĉ se ili
estas..."
Mi diris al li, ke ili havigu la plej bonan ĉerkon en la domo
de Taidhg. Bona ĉerko el kverko ĝi estas iuokaze. La
ŝtofo de
la skapulario kuŝas sur mi. Kaj la mortovesto. Mi mem havis
tiujn pretaj... Estas makulo sur ĉi tiu kovraĵo.
Ĝi similas al
buleto da fulgo. Ne. Fingropremaĵo. La edzino de mia filo,
certe. Ĝi similas al ĵia salivumado. Se Neil vidis
ĝin!
Supozeble ĵi estis tie. Je Dio ŝi ne ĉeestus se mi povus
malhelpi al ŝi...
Malgranda Cait mallerte tranĉis la mortoveston. Mi ĉiam diris,
ke ne estos prave doni al ŝi aŭ al Bid Sorcha drinki eĉ guton
ĝis la korpo estos foririnta de la strato. Mi avertis Pádraig,
ke li ne permesu al ili tranĉi la mortoveston se ili estos
drinkintaj. Sed oni ne povas deteni Malgrandan Cait de korpo. Estis
ĉiam ŝia plej supra ambicio, ke troviĝas ie en la du
urboj kadavro. Se ŝi estus ĝisorele aferplena, la aferoj restu
neatentitaj se ŝi povus esti proksima al kadavro.
La kruco estas sur mia brusto, tiu kiun mi mem aĉetis ĉe la
misio... Sed kie estas la nigra kruco, kiun la edzino de
benita Tomáisín alportis al mi de Knock tiam, kiam oni devis
fine ĉirkaŭligi Tomáisín? Mi diris al ili ke ili metu ankaŭ
tiun krucon sur min. Ĝi estas multe pli okulfrapa ol ĉi tio. De post
ĉi tiu kruco falis de la knabo Pádraig estas sur ĝi
malrekta tordo en la Savanto. La Savanto sur la nigra kruco
estas belega. Kio estas al mi? Ĉu mi ne estas ĉiam forgesema?
Jen ĝi, sub mia kapo. Kia domaĝo, ke oni ne metis tion
sur mian bruston.
|